Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (uimhir rolla 14993)
- Suíomh:
- Ré na nDoirí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Amhlaoibh Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Timceall ceadh bliadhain ó thoin tháinig sneachta mór. Bhí beirt fear o Inse Geimhleach ag dul go dtí aonach Neidín ag siubhal an ficmhad lá de Bealthaine. Fear de muintir Coitir agus fear go dtugaidis Diarmuid Ua Dúnaige air. Dfhágadar an baile um tráthnóna ag dul ar cois bhóthar na Leaca Báine. Comáineadar leó go dtí go dtángadar go dtí goirtín Eoin. Bhí an oidhche ag athru ansan. Bhí síbín ag sean bean ga dtugaidís Caitilín uirthi. Dubhairt an Coitireach le Diarmuid O Dúnaighe gluaiseacht air cun dul fé dhéin Caitlín cun go n-olaidí gloine uisce beatha. Ní raghadh Diarmuid ann ach gluais an Coitireach leis agus d'ól sé cupla gloine. Comaineadar leó. Sheídh sé sneachta cómh mór san go gcaitheadar dul isteach i mbeilic i lar na Leacaine Baíne. Cailleadh Diarmuid O Dunaighe agus do mair Coitir(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Ua Crimín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ré na nDoirí, Co. Chorcaí