Scoil: Carrigaline, Ráth Mhór
- Suíomh:
- Carraig Uí Leighin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)caithfidh tú leath ar an mbiorán gombeidh tú cun an stál dothógaint air. Ni bheidh ac dá bhiorán agat annsan [?] agus dá bhiorán ag cniotáil na sáile.
Déanfar lúba na sáile do cniotáil ó thúis deire. Iompóchfar thar nais ar an mbiorán céadna ó'n dtaobh tuathal. Lúba ó thuathal atá ann. Leagfar anuas an chéad lúb aca. Leanfar mar sin deiseal agus tuathal, gach re seal, go dtí gombeidh an oiread de cniotáil deanta agat agus tá lúba ar an mbiorán.
Cun an t-sáilín [?], bí agleagadh na lúba, pé méid ismaith leat beith leagaidhthe agat, agus ag cumangaghadh i gcómhnuidhe, chun gombeidh an tsáilín curtha agat ar aon biorán amháin. Annsan beidh biorán diomhaoin agat, nuair abheidh an t-sál déanta agat. Beidh tú ag cumhangagadh leat faid a bheid an t-sáilín á dhéanamh agat. Tiocfaidh biorán nasáile anuas ar an taobh de'n stoca, agus annsan cuirfidh tú snáithe mar inneac faoi, cun go dtiocfair go dtí bragháid na stocai
Cniotáilfidh tú tosach an stoca go dtiocfair anall go dtí cliatháin eile de. Beidh dá bhioráin i dtosach anstoca annsan agus aon bhiorán amhain sa t-sáil. Bíonn breis nalúb ar an mbrághaid annsan, agus bheidhfear ag tógaint na lúb, agus dhá gchur ar an mbiorán eile, agus é agleagadh ar gach cliathán igcomhnuidhe, go raghadh tú go dtí an gorad(leanann ar an chéad leathanach eile)