Scoil: Carrigaline, Ráth Mhór
- Suíomh:
- Carraig Uí Leighin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ach go h-áirighthe, mar níor aon ghabha ceardchu suas ó shoin. Níl aon amhras ná go raibh an ceardcha ann uair éigin, mar nuair a bhítheas ag glanagh amach an tobair suim blianta ó shoin, toisg go raibh aicíd diogbháileach ann, fuarthas alán cac-iarainn, agus tá sé le feiscint fós ar an mbán in aice an tobair.
De réir deallraimh bhí mainistir bhan riaghalta i gCuilinn le linn Liatíarain, nó tamall beag na diaidh, agus teasbántar téarman na Mainistreach lastuaidh de Cuilinn fós. Deirtear go raibh an Mainistir istigh sa t-sean roilig, ach is ar éigin go bhfuil a rian le feiscint anois. Ach d'fhan meas agus urraim do'n Naomh ages na daoinibh ó Magh Ealla go Cill Áirne, agus ó Corcaig na long go Co. Luimnighe do dtí an lá indiu.
Nuair a chuir na drifuireaca fútha inDúth Ealla bhí rud amháin ag cur buadhartha ortha - nár bhféadadar bheith igcuideachtain a chéile chomh mhinic isba maith leo é. Ní raibh eatorra ach duthaigh aimh-réidh deacrach lán de coilltibh is de bhogachaibh. Aon óiche amháin go rabhadar ibhfocair a chéile do ghuideadar Dia an cruadthan san do réidhteach dóibh, agus maidin mbáireach bhí trí bóithre réide leathana idir Cill Lastach, Cuilinn is Dromthairbh.
Tá gach deallraimh gur leigheasadh alán daoine in(leanann ar an chéad leathanach eile)