Scoil: Ladhar (B.), Bán-Tír (uimhir rolla 3269)
- Suíomh:
- An Ladhar, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Halladáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ladhar (B.), Bán-Tír
- XML Leathanach 429
- XML “<span class="exact">Laethanta</span> <span class="exact">na</span> <span class="exact">Bó</span> <span class="exact">Riabhaí</span>”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- By Denis Bowler, Coolroemore
Bíonn mór-chuid feirmeóirí leibideacha ann nach mbíonn dóthain an Earraig féin de'n bhféur tirm acu dos na buaibh, agus go mbíd ar tógáil sar a mbeireann an raidhse amuigh ortha.Bhí sean-bhó i n-áit éigin agus bhí droch-bhail uirthe le linn an Mhárta. Bhí eagla uirthi go marbhóchadh fuacht agus feannaid an Mhárta í, mar a marbhuigheann sé na sean-daoine. Seadh, dob'fhada léi go raibh an Márta imthighthe, agus nuair a tháinig an lá deirionnach de, bhí eirighe croidhe uirthe agus ars ise, " Bíodh an diabhal agat anois, a Mhárta, táím annso it aimhdheoín "Cad a dhein an Márta acht iasacht trí lá d'fhagháil ó'n Aibreán. Thosnuig an chéad lá le gaoith adtuaidh - gaoth dubh nimhneach, agus sioc istoidhche. An tarna lá, do chaith flich-shneachta agus cloch-shneachta anuas, go ndeachaidh an fuacht go smior sa bhudóig bhoicht. Tháinig séideán sneachtaidh an oidhche sin a líon gach poll is póirse agus d'fhág coinnle reódha ar sileadh le díon is fál. Bhí carnáin sneachtaidh is leach-oidhre ins gach áit an tríomhadh lá agus fuacht ann a raghdh trí cláir déil. Bhí an bhó bhocht ar a tárr i n-áirde marbh roimh oidhche an tríomhadh lá. Tugtar laetheannta na bó riabhaiche ar thrí lá tosaigh an Aibreáin, ó shoin.- Bailitheoir
- Pádraig Ó h-Áilleadáin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Denis Bowler
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chúil Rua Mhór, Co. Chorcaí