Scoil: Baile Theas (B.), Malla (uimhir rolla 4953)

Suíomh:
An Baile Theas, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Tadhg Ó Hanluain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0364, Leathanach 288

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0364, Leathanach 288

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Theas (B.), Malla
  2. XML Leathanach 288
  3. XML “Caisleán na Cora - Castlecor”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    'San am ceadna mhair flaith arab' ainm dó Caomh in-iarthar Duthaighe Ealla. Is minic a théigheadh an fear seo ar cúaird go Caisleán Cor go mór mór nuair a bhíodh (-) ar siubhal. Bhíodh an buadh ag Caomh de gnáth ins na cleasaibh lútha agus ar a shon 'san bhí fabhar ag an Draoi agus go mór mór ag Aoibhil agus Cliodhna leis. Shíl an Draoi cleamhnas a dheanamh idir an bhfear óg seo agus duine d'á inghean mar annsan bheadh an duthaig go léir fé'n a smacht. Acht b'é rud a thuit amach ná go raibh an bheirt ingrádh leis. Bhí an scéal 'na phraisigh annsin. Acht is le h-Aoibhil abhí Caomh ingrádh agus ní fada go raibh lámh agus focal eatorra. Bhí Cliodhna le buile is le báine mar gheall air seo agus i racht feirge chuaidh sí go bean feasa abhí ar aithne aici. D'imir an sean-chailleach a cuid draoidheachta ar Aoibhill agus ní fada go dtáinig deallramh leicneach, tanaidhe ar a gnúis agus a ceannacha agus bhí saghas eitinne 'á marbhú i leabaidh a chéile. D'éag sí sa deire agus cuireadh tórramh uirthi agus cúpla lá n'a dhiaidh sin cuireadh í i bprócláis in aice leis an gcaisleán. I gcuim na h-oidhche tháinig Clidoha agus an bhean feasa agus rugadar corp Aoibhil leó go dtí pluais abhí ingar do'n chaisleán. B'é rud a bhí taréis tuitim amach ná gur thug Cliodhna deoch suain a thabhairt d'á drifiúr agus nach raibh uirthi acht deallramh an bháis. Nuair a tháinig Aoibhill chúici féin cuireadh in iúl di go gcaithfheadh sí fanamhaint 'san bpluais i gclódh cait bháin go deo na Díleann. Deirtear 'sa cómharsanacht go bhfuil sí ann fós i gclódh cait agus go gcuirfear deire leis an draoidheacht má
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Caisleán na Cora, Co. Chorcaí