Scoil: Baile Theas (B.), Malla (uimhir rolla 4953)
- Suíomh:
- An Baile Theas, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Tadhg Ó Hanluain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Theas (B.), Malla
- XML Leathanach 289
- XML “Caisleán na Cora - Castlecor”
- XML “Béaloideas i dtaobh an Chaisleáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)théigheann duine isteach cuichi agus a aigne bheith saor ó dhúil airgid.Luigh bás Aoibhill cómh mór san ar an sean-draoi go bhfuair sé bás le neart bróin. Cuireadh é ar bhárr cnuic in aice le Mainistir Fhearmuighe agus tugtar Carn Tierna mar ainm ar an áit fós. Tá a bhean-céile curtha in áit ar a dtugtar "Labacally" air. Luigh bás Aoibhill go mór ar Chaomh freisin acht taréis tamaill phós sé Cliodhna.Tá áit i bhfoisgeacht trí míle do Mhágh Ealla ar a dtugtar Carraig-Cliodhna (Carrigcleena) air. Tá carraigreacha móra annso agus tá béal pluaise 'na measg. 'San áit seo fuair Clíodhna bás.(Tá an t-eolas atá thuas le fághbhail i Grove White's Journals on Local History)
- Cloistear an scéal seo 'sa chómharsanacht acht sé mo thuairim go bhfuil sé measgaithe beagainín leis an gceann thuas. De réir an scéil seo chómhnuigh beirt bhan áluinn 'sa Tigh Mhóir i gCasileán Corr. Athair canncarach abhí ortha. Shíl sé go mbíodh beirt fhear óg ag teacht ag suirghe leó. Bhuail taom feirge é agus d'imir sé draoidheacht ar an mbeirt. Do dhein caith díbbh agus theicheadar isteach 'sa pluais agus de réir an scéil táid ann fós. Cídhtear iad ar Charraig na gCat ar lá-Féile Eoin. Ní fhacas féin riamh iad cé gur chaitheas tamall mhaith ag faire ar an áit.(This is also got from Mr Jn Sheahan Ballygraddy Kanturk and he heard it from his parents R.I.P.)
- Faisnéiseoir
- Mr John Sheehan
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Ghreadaigh Thuaidh, Co. Chorcaí