Scoil: Baile Caisleáin an Róistigh (B.) (uimhir rolla 14107)

Suíomh:
Baile Chaisleáin an Róistigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Ó Luineacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0372, Leathanach 083

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0372, Leathanach 083

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Caisleáin an Róistigh (B.)
  2. XML Leathanach 083
  3. XML “An Drúichtín”
  4. XML “Oíche Fhéile San Seáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nós eile a bhí aca ann ná fanamhaint in a suidhe go dtí meadhon oídhche. Chaithfead sí fanacht anáirde staighre agus an scathán aici. Nuair a bhuaileadh an clog in am mharbh na h-oídhche chaithfeadh sí siúbhal síos an staighre i ndiaidh a cúl, agus annsan bheadh fhios aici, cé bheadh mar chéile aici.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Nuair a thagadh Oidche len Seain i gcómhnuide do lastaí teintreacha móra ar gach don bhaile ar fud na Raithe Móire. Tintreacha cnámh a tugtaí ar na teintreachaibh shin. Is amlaidh a cruinnigeadh muintear gach baile le chéile go mór mhór na daoine óga idir cailíní agus buachaillí, agus do dheinidís a lán neithe mar fraoch, is aiteann críon, sean-adhmad, sean cnámha agus mórán rudaí eile do bhailiughadh i dteannta a chéile in aon charn mór amháin agus annsan teine a chur leó tar éis tuitim na h-óichche. Bíodh an oiread san adbhar teine bailighthe in-áiteannaibh go gcoinnightí na teinte cnám ar lasadh go dtí uair an meadhon oidhche.
    Bíodh muintir gach baile ag formad le na chéile, leis, feachaint ciocha baile go mbeadh an teine cnámh is fearr air. Bhíodh rinnce agus gach rud ar siúbhal tímcheall na dteinte.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Sin Seáin (~208)
    Teanga
    Gaeilge