Scoil: Araglin (B.), Cill Úird (uimhir rolla 9247)
- Suíomh:
- Airglinn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Liam Ó Mothair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Gleann iseadh é seo atá míle ar fhaid, sruthán ag rith tríd, agus coill ar gach taobh de. Áit an-[?] dorca uaigneach é, a chuirfeadh coladh grífín tríd cnamh do dhroma ach siubhal tríd sa ló gan tracht ar an oidhche in aon cor.
I lár an gleanna seo, is istig sa coill, ar an dtaobh dheis den tsrutháin tá cuas ar a dtugtar "Cuas Bean an Chloca Dheirg". Bean do bheadh í na feictar riamh í, gan cloca dhearg do bheith á caitheamh aici. Bhí beirt drithear aici, agus do chaitidís a saoghal ag goid ór na daoine saidhbhire. Do thugaidís a leath dos na bochtaibh agus do chuiridís an leath eile i bhfolach sa cuas san.
Do chuaidh na saighdiúirí ó Fhear Mhuighe amach lá agus d'ionnsuigeadar é agus b'eigin dos na Brianaig (b'sin ba shloine des na gaduighthe) geilleadh.
Do crochadh iad go léir, do reir an sgéil Do deineadh mórán iarracht ó shoin an cuas do cúrdach, ag lorg an óir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Liam Ó Leidheadh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort na Sceiche, Co. Chorcaí