Scoil: Cnoc na Biolaraighe
- Suíomh:
- Cnocán na Biolraí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Dll. Mac Carrthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do chuir sé seo Barry's court in geall le suim airgid [?] ó athair a chéile, Iarla Chorgaighe, agus leis an airgead seo d'athnuadhaig sé agus d'fhairsingidh sé Caisleán Ui Liatháin agus chuaid sé chun comhnuighthe ann.
In eiríghe amach 1641 agus i gcogadh na mblian alean é thóg sé seo páirt leis na Ríoghdaigh ar dtúis agus, chómh fada agus a [?] mo [?], leis na Púritínig na dhiadh san Tá a lán droch gníomhartha curtha ne leith i rith na mblian so. 1642-1650. Sa mblian 1642 thóg a shaigdúirí Caisleán Bhaile Mhic Phádraigh (Careysville anois) agus dún marbaigheadar caoga duine den gharistún. Deirtear leis gur chreachadar Críoch an Róistuigh [?] Feara Mhuighe féinne, agus gur thogadar príosunaig leo go Caisleán Uí Liatháin agus gur curadh caogadh díobh isteach i scioból éigin ann agus gur cuireadh féar tré theine tímpall ortha agus gur loisceadh[?] a g'cuid gruáige agus a lámha agus a n-aghadhte agus annsan gur tógadh amach agus gur marbhaigheadh iad. [D airíghios scéul roinnt bhlian ó shin o gearrchaile scoile istaobh Caisleán Uí Liatháin. Má fhéadaim teacht ar capés cuirfead isteach sa chnuasach so é].
Do tugadh cath inaice Chaislean Uí Liathain (1) sa mblian 1645 idir arm na nGall nGaedheal fé Thighearna Cuain an Chaisleáin (2) agus arm Púritíneach fé Broghill. Buadhad ar na Gall-Gaedheil agus chailleadar céad fear. Acht do ghaibh Tighearna Chuain an Chaisleáin Caisleán Ui Liatháin (3) na dhiaidh san sa mblian 1645 acht nuair a theip ar airm na Cómhdhála tháinig sé(4) Lord Castlehaven
(1) Sa Hist of Cork - Smith - Book III Chap V Page 154
(2) Sa .....ibid.... 155(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Dómhnall S. Mac Cárthaigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Príomhoide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)