Scoil: Glashaboy (uimhir rolla 10569)
- Suíomh:
- An Ghlaise Bhuí Thuaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Liam Ó Leighin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Glashaboy
- XML Leathanach 553
- XML “An Damhan Alla agus Íosa”
- XML “Móinéir Maistín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)h-Iudaigh isteac agus nuair na feacadar é chuadar ar a slíghe.Is mar gheall ar an ngniomh maith seo a rinn sé ar son ar dtighearna gur feichide bheannuighthe aan dubhán fhalla.
- Bhí feirmeoir i Whitechurch uair amaín agus tháínich maictíre isteac cuige agus dealg 'na chois. Do bain an feirmeoir an dealg as agus d'imthigh an maictíre ag cromadh a chinn agus ag breith buidheachais.Tamaill in dhiaidh sin do goideadh cheithre cinn dá bhuaibh nó chudadar amudha uaidh. Do chuaidh sé ar a lorg agus fé dheire do tháinic sé go Sliabh Luacra. Bhí tuirse agus ocras air agus chuaidh sé isteach i mbothán aonair ar thaobh an t-sléibhe. Bhí teine geal ar lasadh istig agus chuir sean-bhean agus sean-fhear fáílte roimis. D'iarr sé loistín na h-oidhche ortha agus tugadh dó é. Ach dubhairt an bhean leis gan aon iongnadh do theacht air pé rud a chífeadh sé. Fhé dheire tháínic maictíre isteac agus chuaidh isteach i seómra agus tháinic amach mar fhear óg. Tháinic cuig maictírí isteac sa t-slíghe sin agus cuireadar go léir na mílte fáilte roimh Tadhg Ó Dorgán ó Carraig na bhFear. Dubhradar leis gan aon eagla theacht air agus go dtabharfaí a chuid beithidheac ar ais dhó.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Liam Ó Leighinn
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)