Scoil: Convent of Mercy, Rinn an Chabhlaigh, Cóbh
- Suíomh:
- Rinn an Chabhaltaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: An tSr. Peadar
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0386, Leathanach 023](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0386%2FCBES_0386_023.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0386, Leathanach 023
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ar an dtaobh tiar-tuaidh de Carraig a' Gleo tá ait ar a dtugtar Cuirt (Marino). Tá tig mór ann cois trága 'na comhuigeann Muinntear Stuairt French. Fé lathair lastiar den tigh seo, tá cnócán nó árdán, gur cuma é nó carn. Dá mbeithá a teact Corcaig ar an "Fáilte" do chíofá é ar do láimh clé. Tá coill ag fás ann fé lathair (1938). "Dun an Óir" a tugtar ar an Cnocán seo. Dubhairt mó athar liom (Beannacht Dé len a anam) gur cuala sé an sgéal seo leanas 'na thaobh. Bhí fear áirigthe 'na chomhnuidhe i bparóiste eile lastuaidh den Oileán seo. Oidhche amháin do deineadh taidhreamh do go ráibh ór i gcófra curtha i nDún an Óir. Do chonnaic sé an áit a ráibh sé curtha go soiléir i n-a bhroinglóid, bhí crann ag fás i mBéal Átha 'n Bhile ar a dtugtaí Crann a' Crothadh. Bhí sé suidthe timpeall céad slat ar an dtaobh thiar den droicead. Do chonnaic sé in a broinglóid feisin, eochair a bhí i bhfolach in-áirde ar an gcrann úd, eochair a oscalochadh an cófra san Dún. Dubhairt sé leis féin(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- S. Ua hÉigeartaig
- Inscne
- Fireann