Scoil: Convent of Mercy, Rinn an Chabhlaigh, Cóbh
- Suíomh:
- Rinn an Chabhaltaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: An tSr. Peadar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Tímceall míle go leit ar an dtaobh tuaid de'n Cóibh, tá áit ar a dtugtar "Lios An Uisge" mar ainm ar...”
(ar lean ón leathanach roimhe)do h-írealead[?] beirt fear d'fonn an leasa a leaghad. Do cuireadar cumh gnótha. Bhí an obair fé lán-tseol. Bíodar ag obair go ceann tamaill nuair do thuit rud éigin amach. Do chaill duine radharc a dha súil agus do béigin don bfear bocht éirge as an obair. Annsan do thuit mí-adh eile ar an dara bfear. D'imthig sé as a meabhair, Slán mar a n-innstear é. Táinig eagla ar muinntear na h-áite annsan, agus d'fagadar é súid mar a bhí sé.
Tá lios eile timcheall dhá céad slat laistiar den Líos An Uisge. Níl aon ainm fé léit air go bfior dom-sá. Líos an Íseal iseadh é. Do deinead an cuid bá mho de a treabhadh cúpla bliadhain ó shoin. Is le Seán Ó Shúileabhán an páirc in a bfuil sé. Tá gort laistoir den lios "Páirc na Fire" is ainm do. Timceall trí céad slat ar an dtaobh thuaidh de Lios An Uisge, ta liar an-mhór. Tá an claidhe go h-árd timceall seact nó ócht troig in aoirde. Ar an dtaobh tiar-téas de tá barna ag dul isteac. Níor cuala riamh[?] a ainm. Ní doig liom go bfuil aon lios eile san Óilean, i lathair na h-uaire so (1938). Com Mór leis. Is le Muinntear Úi Buachalla an feirm 'na bfuil sé suidthe. B'é m'athair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- S. Ua hÉigeartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal an Bhealaigh, Co. Chorcaí