Scoil: Ráth an Tóiteáin (Burnfort), Malla (uimhir rolla 11249)
- Suíomh:
- Ráth an Tóiteáin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Domhnall Mac Óda (Archdeacon)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ráth an Tóiteáin (Burnfort), Malla
- XML Leathanach 235
- XML “Mainistir na Mórna - Mourne Abbey - Stair Áitiúlil agus Seaniarsmaí Stairiúla srl - Caisléan Mhór Barréideach”
- XML “An Seanmhainistir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chnoc an Bhuidéil san mbliadhain 1690 ag saighdiúirí Riógh Liaim toise go raibh Mac Uí Barróid agus 400 dá shaighdiuirí ó Mannistir na Mórna ag troid ar thaobh Rí Shéamais Luimnirch agus i gcathanna eile. Tá an caisleán ag tuitim as a chéile ó san. Tógadh an talamh go léir uaidh agus tugadh é do lucht leanaimhne Liaim. D'imthigh Mac Uí Barróid agus a mhuinntear go dtí an Fhrainnc leis na "Géanna Fiadhaine" agus marbuigheadh ann i gcath é.
Tá sgéal mar gheall ar Aodh Ó Néill ag dul thar an áit go Cath Ceann tSáile (1601). Chuir sé cheist ar dhuine áitiúil :- Cé tá ina choimhuidhi sa Chaisleán thuas? Freagra ;- Duine uasal ó Shasana ann le 400 blian.
Aodh Ó Néill ;- Is fuath liom an bodach sasanaigh díreach chóin mór as dá mba indé a tháinigh sé ann. - Tá fotharaigh fairsinge ar thaobh an bhóthar timcheall leath-mhíle slighe ó Bhaile na Móna. Eidhneán ag fás go tuigh air ne na fallaí. Tá sean-caisleán sa chuinne thiar theas agus sean cill na lár le roillig timcheall uirthi. A lán árus mbeag scaipighthe annso annsúd - áruis comhnuighthe i gcóir na Manach. Fallaí móra 20' x 52' timcheall ortha go léir. Tógadh an Mainistir sa bhliadhain 1189 ag Ridirí na dTeampall fé éigheamh (?) Naomh Eoin Baiste. B'ionann aid agus saighdiuirí na Croise a bhí tar éís teacht thar n-ais ós na cogtha sa Tír Naomhtha. Sasanach darabh ainm De Sancto Helena(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Domhnall Mac Óda
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Teacher (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Miss B. Power
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Teacher (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ráth an Tóiteáin, Co. Chorcaí