Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- Suíomh:
- An Sciobairín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Cuileannáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
- XML Leathanach 122
- XML “Pinniúirí na Reilige”
- XML “Breith a Bhéil Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Níor leag éinne méar ar na clochaibh riamh ó shoin, agus táid caithte fós mar a rabhadar nuair a thuit an phinniúir.
(Conchubhar OCoileáin ó Dhún na Séad do scríobh so.)
{Nóta. Chualag féin an scéal san, agus is i leith dhuine do mhuintir Íbhín ó Árd Ráile do cuireadh an raoba roilige. B'iad súd an dream go raibh an tagraidheacht ag Ruaidhrí Ródach dóibh i Scéala Éireann le déanaí. MÓC} - Bhí fear i n-Eochaill fadó agus bhí sé ana thughta do mhallachtaighe agus d'eascanaighe.
Níor bhféidir leis focal do scaoileadh as a bhéal - fiú amháin an bhreág ba mhó gan "fíor dhom nú nár fhásaidh brobh féir choidhche ar m uaig." do rádh na theannta
Bhí go maith agus ní raibh go holc go bhfuair se bás. Cuireadh an fear bocht sa roilig mar a bhfuil an teampal Galldha indiu.
Taispeánann muintear na haite an fód fén a bhfuil sé sínte; ach cad déarfá, - go sábhálaidh Dia sinn - ach ná fuil brobh féir ag fás air ó bhun go bárr.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Conchubhar Ó Coileáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dún na Séad, Co. Chorcaí