Scoil: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (uimhir rolla 11872)

Suíomh:
Carraig na Siúire, Co. Thiobraid Árann
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0565, Leathanach 039

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0565, Leathanach 039

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Convent of Mercy, Carraig na Siúire
  2. XML Leathanach 039
  3. XML “Com Seangán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fosta na "Géanna Fiadhaine" a bhíodh ag fanacht le luing Franncacha i gCuan Dún Garbáin cun iad a thabhairt go dtí an Fhrainnc. O pluais Crotaigh bhí radharc aca ar an dtaobh tíre soir siar ag leathnughadh ó Dun Garbháin go Carraig na Siúire agus ag leathnughadh ó dheas go dtí Tráigh Mhór. Ser'd atá san bpluais ná seomra mór amháin ó'n a ritheann a lán seomra beaga; baineadh Crotaigh úsáid asta-san cun an biadh a chur idtaisge ionnta srl. Bitheamhnach neamh-eaglach a bhí ann féin. Cosamhail le Robin Hood ghoidheadh sé ó na daoine saidhbhre agus chabhruigheadh sé leis na daoine bochta, tréith go bhfuil an creideamhaint ag dul dó d'á bhárr. Bhí sár mhisneach aige agus tá an-sceulta fá'n gcaoi 'na n-eirigheadh leis bob a bhualadh ar a namhaid. Bhí congantóir amháin aige darbh ainm David Norriss agus deirtear gur sháruigh sé Crotaigh maidir le gliochas, agus gur b'eiseann a chumadh furmhór na bpleana dá compánaigh. Deirtear nárbh fear neamh-thrócaireach é Crotaigh féín ac gur mhinic a spreagtaí é cun a bheith neamh-thrócaireacha. Tá, ar a laigheadh, sampla amháin againn nuair a rinne sé féin gníomhartha mí-thrócairacha. Oidhche, agus é féin agus Norriss ag gabháil thar cabhán beag, chonnaiceadar solas san bfuinneoig. D'fhéacadar isteach ann, bhí fear agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Comshingaun Lake, Co. Phort Láirge