Scoil: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (uimhir rolla 9250)
- Suíomh:
- An Caisleán Nua, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Siobhán Ní Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)scríobhnóireacht an lá indiu.Poll an Chapaill:-
Timcheall leath-míle ar an taobh theas de Caisleán Nua atá an Poll so. Dó báthadh capaill ann fadó agus sin é an fáth go cuireadh "Poll an Chapaill" air.Cúl na Gréine:-
Sin ainm m'áit cómhnuidhe. Toisc go dtaithnigheann an ghrian ar chúl na dtighthe i gcómhnuidhe cuirtear an tainm so ar an áit.
Nuair a bhí Crombhail ag dul ó Chluain Meala to dtí Eochaill tháinig sé tré Caisleán Nua. Maidin Domhnaigh a b'eadh é agus bhí na daoine go léir istigh sa seipéal ag éisteacht Aifreann. Chuir Crombhuil na dóirse fé ghlas agus chuir sé an séipéal tré theine. Do dóigheadh gach cinne istigh ach aon bhuachaill beag amháin a d'éaluig amach tríd an bhfuinneóig. Ní raibh fhios ag einne cé ar leis é agus ghlaodhadar an ainm "burn" air. Do shíolruigh muinntir Byrne ón mbuachaill sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seumas Ó Maolcathaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- An Caisleán Nua, Co. Thiobraid Árann