Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)
- Suíomh:
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seosamh Mac Dáibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (Jack of the Lantern.Tá creidimh ann mar geall ar "Seoilín" (?) san oidhche. Bíonn an soillise ag cur daoine amú. Deirtear dá gcuirtheá duine taobh istigh da chóta go dtí an taobh amuigh na mbeadh aon baoghal air)
Bhí gabha ann fadó gurb ainm dó Seanín Tháinig ár Slánuightheoir isteach cuige lá agus asal aige. D'iarr sé ar Sheanín cruidhte do chur faoi. Do chuir an gabha na cruidhte fé'n agus nuair bhí san déanta aige dubhairt ár Slánuightheóir leis na trí neith ba mhaith leis a lorg air go bhfagadh sé uaidh iad. An ceud nídh arsa Seanín an cheud duine a shuidhfidh ar an gcathaoir é do cheangal innti. An tarna nídh arsa an gabha mo phochaí bheith lán d'ór agus da'irgead i gcomhnuidhe agus an tríomhadh ceann, an ceud duine a raghadh isteach ins an mealbhóig é do cheangal istigh ionnta. Annsin d'imthig ár Slánuightheóir uaidh agus i gcionn tamaill tháinig an t-Áidhbheirseóir cuige. Dubhairt Seanín leis dul isteach san mealbhóig. Do chuaidh an t-Aidhbheirseóir isteach ann, ach má chuaidh do cheangal é istíg innti. Annsan chuir Séanín córda ar bheul na mealbhóíge agus bhuail siar ar a dhrom í.Bhí sé ag imteacht go nó go dtáinig sé go dtí muileann leis. Dubhairt sé leis an muilteóir an mealbhóíg sin do mheilt dó. Dubhairt an muilneóir ná dhéanfad sé ach nuair thug Seanín dorn airgid dó, do mheilt sé dhó í. I gcionn seacht mbliadhain do chailleadh Seanín agus nuair chuaidh sé go dtí an Fhlaitheas dubhairt ár Slánuightheóir leis gur dhein sé deamhradh ar an t-anamh nuair bhí sé ar an saoghal. Do chuir sé go h-Ifreann é, ach má chuir ní leigfeadh an t-Áidbheirseóir isteach é. Dubhairt sé leis dul go dtí an Fhlaitheas arís. D'imthig sé go dtí an Fhlaitheas arís agus thug ár Slánuightheóir leanntaír agus coinneal dó(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Chudathaighe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Eidhneach, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cudathaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Baile Dubh Beag, Co. an Chláir