Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)
- Suíomh:
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seosamh Mac Dáibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sagart ag tabhairt seanmóin lá, agus bhí sean bhean ag éisteach leis. Bhí sé ag cainnt mar gheall ar an lá deireannach nuair a thíochfaidh Mícheál Naomhtha. Dubhairt sé go mbéadh cos san bhfairrge aige agus cos eile san dtalamh aige. Ó ambasa arsan sean bhean nach air a bheidh an sgaradhBhí fear ag gabháil an bhóthair lá agus é ag marcuigheacht ar capall bhán. Bhí sé ag gabhail tar tig agus ní raibh sé muinteartha le muinntir an tighe sin. Tháinig bean an tighe amach, agus dubhairt sí , "iarr ar fhear an capaill bháin, cad a leighiseaidh an truch. Sliabh Calláin do bheiriú na meadh dóibh agus seacht droighid éinfeacht leis a dtriuch. Cifear ó'n bhfreagra seo ná raibh mórán maitheamhnas le fagháil ó'n bhfreagra seo, gur díoghaltas bhí fonn air a thabhairt in-ionad leighis.
Bhí gaduidhe ag gabháil an bhóthair oidhche agus chuala sé guth taobh thiar den bhfalla ghá rádh "clannta clainne. Stad sé, agus chuala sé arís agus arís é. Bhí sé ag eirighe feargach annsan agus dubhairt sé, "Má's mar sin é beireadh gach aoinne a lá leis. (Is cosamhail ó'n bhfreagra seo go raibh an coinsias beagan tiug ins an mbuachaill seo.- Bailitheoir
- Mícheál Ó hÉaghráin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó hÉaghráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 66
- Seoladh
- Boolyduff, Co. an Chláir