School: Creagán Buí, Cora Finne
- Location:
- Craggaunboy, Co. an Chláir
- Teacher: Ml. Mac Consaidín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Creagán Buí, Cora Finne
- XML Page 432
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Rugac agus tógadh Seamus Gobnaire Ó Maoláin i Drineach, ...”
(continued from previous page)capall eile in a ionad a bheadh gioballach.Thosnuig an báire fé dheire. Buaidh an taobh in-a raibh Seamus Gobnait. Chuaidh sé ar an aonach agus cheannuig sé an capall ag an crosaire. Caith sé suas é agus cheannuig sé an capaillín gioballach. Thug sé abhaile é agus gurbh é an capall is fearr a bhí sa cheanntar annsin nó in-a dhiadh.Thuit sé in-a chodlad oidhche agus glaodach sé ar a bhean darb ainm dí Caitlín de Barra agus dubhairt sé léi dul suas go garraidhe a bhí in-aice an leasa go raibh bó leis ag ithe fataí as carn. Nuair a chuaidh sí suas bhí an bó ins an carn agus í a riocht sgoilte o bheith ag ithe na faití.Chuireadh sé an líon tíge in-a suidhe go hana moch gach maidin agus ní fhanfadh sé in aon tigh na bheadh coileach ann cun glaodach agus ní leigfead sé aoinne amach as a thigh nuair a bheadh sé deanach san oidhche.Maidin áirithe deirig a bhean ar dtuis agus d'aduig sé an teine. Chuaidh sí amach agus dún sí an doras go daingin. Ní raibh ach aon doras ins an tigh. Nuair a chas sí thar n-ais bhí naoi gcínn de giorfithe in-a sudihe os comhair na teineadh. Chuir síad iongantas uirthi agus nuair d'oscail sí an doras chuadar amach i ndhiaidh a chéile. Dubhairt Seamus Gobnait gur daoine maithe a bhí ann.Chuaidh Seamhus lá isteach ar lorg díghe go Cáit Ní h-Uallacháin agus chuir sí an ruaig air agus dubhairt(continues on next page)- Collector
- Maire Nic Con Midhe
- Gender
- Female
- Address
- Móin Fhríle Thuaidh, Co. an Chláir
- Informant
- Muiris Ó Maoláin
- Gender
- Male
- Occupation
- Oibrí
- Address
- Móin Fhríle Thuaidh, Co. an Chláir