Scoil: Creagán Buí, Cora Finne
- Suíomh:
- Craggaunboy, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ml. Mac Consaidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Go mbeannaigh Dia dhuit a Phaidir geal
Go mbeannaigh Dia dhuit féin
Cár codail tú aréir
I bfochair Mac Dé
Cá gcodaileochais anocht
I bfochair na mbocht
Cá gcodaileóchais imbháireach
I mbúaile Phádraig
Céard é sin rómhat amach
Dhá chead aingeal
Céard é sin id' dhiaidh aniar
Dá chead aspal
Céárd é sin id lámh deas
Uisge coisricin chuir Muire liom-sa
Ó dhoras go doras Farathar
Dabhac óir annsúd thall
Fléásg óir in a cheann
Coinneal ghorm ina a lár
Coinneal nách féidir a mhúcadh
Go ndeanaid mise cleas ainicthe
Bríd 'sa brat Miceál is a sgiath
Dá laimh gheala Dé idir sin.
Agus gach pían anocht agus dtí bliadhan
Ó anocht agus anocht féin.