Scoil: Creagán Buí, Cora Finne
- Suíomh:
- Craggaunboy, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ml. Mac Consaidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Go mbeannuigh Dia dhuit a Phaidir geal,
Go mbeannuigh Dia dhuit féin,
Cár codail tú aréir,
I bhfochair Mac Dé,
Cá gcodaileochair anocht,
I bhfochair na mbocht,
Cá gcodaileóchair imbháireach,
I mbúaile Phádraig,
Céard é sin rómhat amach,
Dhá chead aingeal,
Céard é sin id' dhiaidh aniar,
Dá chead aspal,
Céárd é sin id lámh deas,
Uisge coisricin chuir Muire liom-sa,
Dhoras so go doras Farathar,
Dabhac óir annsúd thall,
Fleasg óir in a cheann,
Coinneal ghorm in a lár,
Coinneal nách féidir a mhúcadh,
Go ndeanaidh mise cleas (n-ainne) ainicthe,
Bríd 'sá brat Miceál is a sgiath,
Dá laimh gheala Dé idir sin,
Agus gach pían anocht agus dtí
bliadhan ó anocht agus anocht féin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Chon Mhidhe
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Siobhán Bean Uí h-Ogáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Chuileannach, Co. an Chláir