Scoil: Gortown, Cill Seanaigh (uimhir rolla 14238)
- Suíomh:
- Baile Mhic Cráibhín, Co. an Chláir
- Múinteoir: M. Mac an Airchinnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gortown, Cill Seanaigh
- XML Leathanach 318
- XML “Áitaimneacha”
- XML “<span class="exact">Leigheasanna</span>”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)7) An RiascMóinfeár in a bhfásann lúachra agus bíonn an talamh bog ann.
8) Mothar Tobarde bhrígh gur ins an móinfhéar seo tá an tobar suidhte.
9) Páirc na CarraigeTá mórán de clocha is carraigeacha le fághail annso.
10) Páirc an Dób BuidheBhí garrdha ann úair amháin agus tá an talamh mí-réidh, neamh-torthamhail anois.
11) An Móinfhear BánMóinféar in a mbíonn an féar níos báine ná mar is gnáth. - 7ad Nollag 1937
Leigheasanna
Biodh mórán de leigheasanna ag ár sinnsear chun gach saghas galair do rúagadh.Seo cuid acu.1.Bhíodh sort draoidheacht ag duine a rugadh tareis bháis a athair chun glair an teangan do leighis.Sé an caoí in a deintí é ná,shéideadh an duine a anál ar teangain an leinbh trí maidne i ndiaidh a chéile ,ar coingheall go mbeadh ag trosgadh.
2.Dá mbeadh dóghtheán ar chorp an duine agus dá gcimilóeadh sé a teanga le druim an arc luachra agus annsin caithfeadh sé séideadh ar an dóighteán agus deirtear go leighsóchadh sin é .
3.D a mbeadh duine ann le cnead nó pían agus dá gcimilócadh madra a teanga leis creidtear go dtiocfadh feabhas air.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Chríocháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Ghadaí Thiar, Co. an Chláir