Scoil: Gortown, Cill Seanaigh (uimhir rolla 14238)
- Suíomh:
- Baile Mhic Cráibhín, Co. an Chláir
- Múinteoir: M. Mac an Airchinnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 324
16 adhNodlag 1937
Seanchas i dtaobh na bprátaí.
San Earrach i mí Márta iseadh cuirtear na prátaí .Gearann bean an tighe na sgiolláin ar dtúis agus cuireann sí leat-taob íad go ceann i bhfad chun na peaca do chur amach.Treabhann fear an tighe an garrdha annsan le peidhre capall agus muna bhionn ach gairdin beag aige deineann sé an cré d'ardú le píce.I gceann cúpla laeteannta fuirseann sé é chun na cnaipí móra cré do bhriseadh.Tar-éis beagán aimsire osclann sé na drillíní agus cuireann sé aoileach amach ,aoileach ón maca nó eile.Tagann sé annsan agus leathann sé an aoileach agus ina dhiadh tagann na mná agus scaipeann sÍad na síolta amach troigh ón a céile ina líne díreach .Tagann an feirmeóir agus dúnann se na drillíní le céácht.
Coiméadtar na braiméirí fé cois go maith go dtí go mbíonn na gais ós cionn tailimh.Núair a bíd aibidh go maith deintear íad a "sprayáil"mar cosann ar an aicíd ar a dtugtar an "dubh".Ní braittear annsan go mbíd réid chun baint agus is ar na daoinibh a bhíonn an sainnt chun an cead béile d'fhághail.
Is féidir "starch"a fhághailt uatha ach ni deintear é san ríamh im' cheanntair .Fadó núair a bhí an plúir go gann ,deineadh na sean-daoine arán de prátaí .is amhlaidh a ghlacadís go mait ar dtúis íad agus deinidís iad a gearradh go beag bídeach .Chuiridís isteach i bpíosa éadaigh agus deinidís íad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Glen South, Co. an Chláir