Scoil: Gortown, Cill Seanaigh (uimhir rolla 14238)

Suíomh:
Baile Mhic Cráibhín, Co. an Chláir
Múinteoir:
M. Mac an Airchinnigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0617, Leathanach 350

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0617, Leathanach 350

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gortown, Cill Seanaigh
  2. XML Leathanach 350
  3. XML “Scéal Sí”
  4. XML “Lios”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    350
    D'imthigh sé ar aghaidh go dtáinig se go dtí gort mór .Chómh luath agus do chuir sé cos ar talamh an guirt tháinig meabhrán in a cheann.Cheap sé go bhfaca sé daoine beaga ag rith súas agus síos ar fhaid na páirce .
    Úaireannta cheapfadh sé go mbeadh sé gairid dá tigféin ach mó léan ní bheadh sé acht san áit chéadna arís.Shuidh sé síos agus níorbh'fhada gur tháinig "néal -chodladh air.
    Bhí a mhuinntir sa bhaile ag feiteamh leis an oidhche ar fad ach ní fheacadar é go dtí breachadh an lae an maidean in a díaidh sin.Cúaidh sé chun a leabaidh agus níor éirigh sé go ceann sé míosa.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Lios
    Tímcheall leath míle óm'thíg-se i mBaile Fearainn ,Baile na Gaduidhe tá lios cruinn le feiscint ar thaobh an bhóthair agus tá an sgéil aiteach seo leanas ag baint leis.
    Bhí fear ag teacht abhaile ó'n margadh roinnt blíandha ó shoin.Bhí air gabháil tar an lios seó.Bhí capall agus cárr aige.Núair do tháinig sé in gar do'n leas ní théighfeadh an capall thart.Stad sé agus thosnuigh sé ag léimrigh is ag seitrigh .Bhí an fear 'á mhealladh ach ní raibh aon maitheas ann.Sa deireadh tosnuigh an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Chríocháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile an Ghadaí Thiar, Co. an Chláir