Scoil: Liscannor (B.) (uimhir rolla 4435)
- Suíomh:
- Lios Ceannúir, Co. an Chláir
- Múinteoir: Dónall Mac Cárthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Liscannor (B.)
- XML Leathanach 106
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí bean ann fadó agus bhí mach aici darb ainm Diarmuid...”
Bhí bean ann fadó agus bhí mac aichi darb ainm Diarmuid. Aon lá amháin chuaid sí ag lorg bean céile leis, agus tar éis cúpla lá ag lorg do fuair sí bean an deas darab ainm Síobháin acht bhí sí beagáinín simplide agus ní raibh aon fhios ag an bhean agus bhí sí an-sásta le Síobháin are feadh cúpla lá.Tar eis cúpla lá do thosuig sí ag béicig, agus bhí Diarmuid ag cur phrátaí ins an garraidhe ar cúl an tighe, agus do cualadh sé í. Do rith sé isteach agus d'fhafraigh sé cad a bhí uirthi, agus dúbhairt sí go raibh chloc ins an bhfalla ar thaobh an tighe agus go dtuitfeadh sé ar an gcéad páiste a rughadh dóibh.Bhí brón mór at Diarmuid agus dúbhairt sé le'n a mháthair gur óinseach a b'eadh í, agus do chuaidh sé ag lorg bean chiallmhar leis féin. Nuair a tháinig sé go dtí an céad tigh, bhí féar ag fás ar dian an tighe, agus bhí bean agus buachaill ag iarraid bó a chur shuas ar an tighe. Dubhairt sé leis féin go raibh an bean sin cosamhail le Siobháin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Conchubhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Clochán, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Cathasaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 64
- Seoladh
- An Clochán, Co. an Chláir