Scoil: Kilfenora (B.) (uimhir rolla 2155)
- Suíomh:
- Cill Fhionnúrach, Co. an Chláir
- Múinteoir: P. Mag Fhloinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Kilfenora (B.)
- XML Leathanach 043
- XML “Scéal Grinn”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar Shéan. Do thosuig an sagart ag baint sgéalta as Seán idtaoibh stair na tíre. Fháidh ina slíghe feín dob' eadh Seán. Do lean Seán ag cur síos ar an saoghal abhí in-ann do na Gaedhil."Arra (?) athair" ars Seán "ar chuala tú an sgéal mar gheall an ban-rioghan a bhí imBlá Cliat fad ó." Dubhairt an sagart nar chúala. Is ar Séan abhí an t-athas. Thosuig sé. Ag Cath Cluian Tairbh bhuail ban-ríoghan Eilís, ban-ríoghain Sasana le Brian Ború agus dfhiafruigh sí de ceard é an fochal fáire a bhí aige. Arsa Brian Ború "Is é an Sáirséalach an fochal agus ís é an Sáirséalach an fear."Ní tuísge a chuala an sagart an sgéal seo ná bris neart gáiridhe air. D'fhag sé Seán ag an dorais agus é ag déanamh iongnad de gaíridhe an tSagart.Sgéal a chuala mé i Leacht Uí Conchubhair ó C. O h-Eision.
(gan teideal)
“Thit an rud sin amach ins an bhliain 1925 ag droichead Uí Liotháin, Creag, Leacht Uí Chonchúir.”
Thuit an rud sin amach ins an mbliain 1925 ag Droichead Uí Liotháin, Creag, Leacht Uí Chonchubhair. Aon oídhche amháin idtús an Earraig, ins an mbliain sin, bhí fear óg as Cillúra darb' ainm Séamus Ó Duibhir ag dul abhaile ó Leacht Uí Chonchubhair. Bhí an fear seo trí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Liatháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chreag, Co. an Chláir