Scoil: Kilfenora (B.) (uimhir rolla 2155)
- Suíomh:
- Cill Fhionnúrach, Co. an Chláir
- Múinteoir: P. Mag Fhloinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Kilfenora (B.)
- XML Leathanach 068
- XML “Nósanna is Pisreoga atá Mór timpeall Leacht Uí Chonchúir”
- XML “Lá Fhéile Stiofáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an tighe cúpla lá roimh oidhche Nodlag.
- Ar an lá seo téigeann buachaillí an Dreóilín mór thimcheall ag bailliú airgid an lá seo chun an dreóilín a chur. Bíonn na gasúir ag tóruíocht dreóilín ar feadh cúpla seachtmhaine roimh an Nodlag. Nuair a bheireann siad air marbuigeann siad é agus ceanglann siad é ar craobh cuilleann nó craobh udhneáin.Cuireann siad ribíní de gach dath ag crochadh ó'n tor nó craobh. Beireann siad an craobh seo leo nuair abhíonn siad ag bailliú airgid. Teasbánann siad an dreóilín marbh chun a teasbáint go bhfuil siad dá ríríbh agus nach bhfuil siad ag lorg déirce.Bíonn fiche no ceathrar deag de gasúin ann. Ins an sluag seo bíonn "Oinseach" agus "Amadán" agus iad clúdúighte i gculaith ait. Bíonn gach fear clúduighthe le eadaí strachtaighthe agus eadaigh greannmhaire. Bíonn buailteán 'na taimh ag gach duine aca. Bíonn "bladder" de muice ag an(leanann ar an chéad leathanach eile)