Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)
- Suíomh:
- Forghleann, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seán Mac Daibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tomás De Laighléis, Fiadhan, Ineach, Co. an Chláir. Figheadóir seadh é agus tá sé ar a chumas lín agus ola do shníomh. Bhíodh sé mar slighe marachtáil ag a athair.
Codanna an seóil
(1) An crann seoil
(2) Fittáin
(3) Dlúth agus inneach
Oibrigheann sé na stirópa leis na cosa, gabhann an snáth do dhaingnú le na chéile. Nuair a bhíonn píosa de fighte aige timcheall trí orlach ar fhaid cuireann sé a lámh ar bhosca agus tógann sé amach sméar éigin ar a dtugtar "struisín" sul a gcasann sé an méid sin ar an gcrann sheól.
Nuair a bhíonn a t-eadach déanta an chead rud eile é dathú. Theighidi go dtí an sliabh go h-áit bhfuighidís cré gorm ar a dtugtar "dubh-pill" agus annsan théigidís go dtí an fásach agus bhí crann fé léith ag fás ann agus géarraidís cuid de'n crann sin agus thógaidís abhaile é. Bheireochaidís an t-adhmuid agus an dubh pill le chéile. Sgadaidís an t-uisce as. Cuiridís an t-olann síos ins an uisce(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Mac Dáibhid
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Forghleann, Co. an Chláir