Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)
- Suíomh:
- Forghleann, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seán Mac Daibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Furglan, Inistíomáin
- XML Leathanach 491
- XML “Scéal - Bríghid Ní Mocoirghe agus an tUaireadóir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Cheap sé i dtosach gurbh amhlaidh a thóg duine dá comhluadar féin é chun grinn a dheanamh air acht deimnigeadh do go raibh an t-uaireadóir imtighthe i ndáiriribh agus is beag nár leag sé an tig le neart feirge. Dhéin sé gearán leis an ostóir, acht i n-ionad aon cathú bheith ar an óstóir i dtaoibh an droch gníomh seo is amhlaidh d'éirigh sé ar buile le Diarmuid toisg go raibh sé ag iarraidh a cháil féin a bhriseadh. D'éirigh Diarmuid ar buile i dtaobh an uaireadóir agus thug sé íde na muc is na madraoi dó. Dubhairt sé ná raibh ina chuid cainnt acht sgeul thairis agus gurbé a thuairm féin nárb é an ceud uair a dheinneadh goid in a thigh. Bhíodar ag dul i scornaigh a cheile nuar d'airigheadar bean ag cainnt ag an ndoras agus stadadar.
"Maise an fhaid a mhairfeadh sibh féin go mairfead bhur mbeas" ar sise go searbhasach. "Ní minic a bhíonn imreasán annso a Bhrighid" arsan óstóir acht nuair cuirtear gníomh mar dhein sé i leith duine ni h-aon iongnadh go mbeadh imreasán ar siubhal". "Cad d'éirigh eadraibh?" arsa Bríghid. "Tá an beitheamhnach seo" arsan óisteóir "ag bagairt ar Diarmuid a rádh gur goideadh uaireadóir uaidh aréir nuair a bhí sé in a chodhladh agus sé mo thuairm láidir ná raibh uaireadóir aige i n-aon chor".
"Tóg go bog é" arsa Brighid" agus bféidir go mbeidh a mhalairt de sgeul agaibh ar ball" agus ar sise le(leanann ar an chéad leathanach eile)