Scoil: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 13942)
- Suíomh:
- Mullach, Co. an Chláir
- Múinteoir: Tomás Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach
- XML Leathanach 514
- XML “Snámhaí Maith agus Bádóir Cáiliúil - Tomás Ó Baoighill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá cáil mhór ar fhear atá in-a chomhnuidhe annso i sráidbhaile ar a dtugtar Coillte i dtaobh an méid daoine do shábháil sé ó'n bhfairrge. Tomás Ó Baoighill is ainm dó. Do shábháil sé fiche duine a bhí i mbaoghal báidhte ar an bhfairrge.Rugadh é sa sráidbhaile timcheall ceathrachadh is seacht de bhliadhanta ó shoin. Nuair a bhí sé óg d'fhoghluim sé cionnus snámh do dhéanamh. Nuair a bhí sé ocht mbliadhna déag do chuaidh sé ar loingeas Shasana an fhaid a bhí an Cogadh Mór ar siubhal. Báthadh a long Chogaidh féin dhó acht tháinig Tomás saor as. Uair amháin bhí sé amuigh ar an bhfairrge ar snámh ar slaod ar feadh lá go leith agus a chompánach leis. D'éag a chompánach le h-ocras agus leis an bhfuacht acht do mhair Tomás. Tháinig long sa treo agus thóg sí suas é.Annsan tháinig sé abhaile agus pósadh é agus tá clann mhór aige anois. Fear cródha, snámhaidhe maith agus bádóir cáileamhail is eadh é. Fear deas, ceanamhail is eadh é leis agus ní maith leis aoinne d'fheiscint i gcruadhchás. Seo ceann amháin des na gníomhartha cródha a dhein sé ar an bhfairrge.Cúpla bliadhain ó shoin d'fhiafruigh maighistir an stáisiúin i gCoillte ar Thomás Ó Baoighill dul amach go hOilean na gCaorach chun snámh do bheith aca. Dubhairt Tomás go rachadh sé amach. Chuadhadar amach i mbád agus thosnuigheadar ag snámh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Breandán Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann