Scoil: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 13942)
- Suíomh:
- Mullach, Co. an Chláir
- Múinteoir: Tomás Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ciseáin agus Cliabha
Dheineadh na sean-daoine ciseáin agus cliabha timcheall na h-áite seo fadó. Bhainidís na slata agus chuiridís treasna na tine iad ar feadh nóimeat agus ní bhrisidís annsan. Dheinidís gach sórt ciseáin t[b?]eachaireachta agus ciseáin laogh. Dheinidís cliabha chun múrach do tharraingt agus chun prátaí do thaosgadh.Scólaire: Máire Nigh Canann
Bean Phádraig Mhic Canann (Baintreach) Coillte. (77 mbl.)Gallúnach
Dheineadh na daoine gallúnach fadó de shóid nigheacháin agus aoil. Dheinidís iad do bheiriú ar dtúis. Do mheasgaidís le h-uisge annsan iad. D'fhágaidís annsan iad chun fuaradh go dtí go mbeadh sé cruaidh. Annsan ghearraidís i gcearnóga é. Sin mar a deineadh na daoine gallúnach fadó. Dheinidís gallúnach de cheilp agus de bhlunoig leis.Fuipeanna nó Malóideacha
Dheineadh na daoine fadó fuipeanna nó malóideacha de chroiceann ghabhair. Bhainidís an croiceann de'n ghabhar agus chasaidís timcheall é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Breandán Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán P. Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 53
- Seoladh
- Coillte, Co. an Chláir