Scoil: Greenanstown (uimhir rolla 10019)

Suíomh:
Baile Uí Ghrianáin, Co. na Mí
Múinteoir:
Máiréad M.Uí Nualláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0685, Leathanach 273

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0685, Leathanach 273

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Greenanstown
  2. XML Leathanach 273
  3. XML “Baile an Ghrianáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fághail inntí ariamh as san amach.

    (V)
    Árd Catha
    Nuair a bhriseadh ar na FIANNA i gCath Gabhra bhí a raibh fágtha aca ag teicheadh leo ó pháirc an áir.
    Sheasadar an fód arís nuair a thánadar cho fada leis an áit seo agus thugadar cath arís. Sin an cúis go dtugtar Árd Catha air.

    Tugadh Cath Gabhra i n-aice le Garristown - Baile an Gharrdha (Gabhra)

    (VI)
    Crombhuil
    Nuair a bhí Crombhuil agus a arm ag déanamh ar Droichead Átha 1649 leigeadar a sgíth ar feadh tamaill i n-aice leis an áit seo - áit ar a dtugtar "Crombhuill" ó shoin.
    Cheangail sé a chapall le tór nó sgeach in aice leis an gcrosbhóthar. Tugadh "Tor Chrombhuil" air.
    Chaitheadar oidhche i Herbertstown. Bhí iomháigh d'Ár dTighearna 'sa teach agus nuair a chonaic na saighdiúirí é ghearradar géag de le claidheamh. Bhí an iomháigh sa teach go dtí dhá bhliain ó shoin nuair d'imthigh muinntear an tighe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge