Scoil: Clochar Loreto, An Uaimh (uimhir rolla 16100)
- Suíomh:
- An Uaimh, Co. na Mí
- Múinteoir: An tSr. M. Colm
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Oidhche amháin bhí Seamús Mac Ceanainn ag teacht 'na bhaile indiaidh a bheith san "Carn na Coille". Nuair a bhí sé ag teacht fríd an "Ros Cirt" casadh fear gallda air. Gall a mbunas seo a bhí na comhnuidhe thart fá'n áit seo. Shiubhail siad leo agus iad ag cainnt ar gach rud. Leis sin féin chuala siad an caoineadh, agus an caoineadh. Sgannraidh Seamús agus dubhairt sé leis an bhfear eile go raibh an caoineadh sin cosamhaáil le caoineadh leinbh. "D'feargar an fear eile agus dubhairt sé gan a bheith amaideach. "Níl annsin ach éan " arsa seisean.Níor leig sé a dhath air níos mó fá dtaobh de ach indiaidh an iomláin dó réir mar bhí siad ag siubhail bhí an caoineadh ag siubhail leo istoigh san chlaidhe. Bhí go maith 's ní raibh go h-olc go dtáinig siad fhad le Crios Bhealach. B'eigean dó'n fear gallda an fear eile a fhágáil. Ach a mhic o; caidé dó bharamháil ach nuair a bhí Seamus gabháil d'iarr an fear air gabhaíl leis go dtí na theach féin. Ní raibh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Chearraigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Ghib, Co. na Mí
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Chearraigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Ghib, Co. na Mí