Scoil: Durrow
- Suíomh:
- Darú, Co. Uíbh Fhailí
- Múinteoir: P. Ó Coinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Durrow
- XML Leathanach 160
- XML “Bás an Tiarna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tighearna agus síneadh ar lár é. Tugadh é go dtí tigh geata a thighe féin. (Muinntear de Bhláca atá in a seilbh anois). D'éag annsin é. Tugadh é isteach i seomra cuideachtan a thighe féin. Leagadh é cois fuinneog an tseomra úd agus deineadh é thórramh. "Oidhche na gaoithe moire" a b'eadh an oidhche sin agus le deíne na h-anaithe dífhréamhuigheadh crainn go leor. Ní h-amháin sin ach leagadh isteach pánaí na fuinneoige móire. Thuiteadar siúd ar chorp an mhairbh Gearradh agus loiteadh an corp go mba ghraín leat silleadh air.Iar éagtha an tighearna deineadh muinntear an pharoíste do thabhairt go dtí an Caisleán ceistigheadh go mór fada iad - idir fhearaibh agus mnáibh (tugadh isteach áintín an sgéaluidhe feín adeir se) féachaint cá rabhadar lá a bhásuighthe, cé bhí i gcuideachtain leo, conus mar d'fhéadfaidís a n-iodhaine do dhearbhughadhBhí amhras fé bheirt nó triuír. Rugadh ar dhuine acu agus nuair thrialadh é níor leor an fiadhnaise d'fhonn a dhaortha.Uime sin scaoileadh saor éAn duine eile - an fear ba chionntach - Chuaidh sé thar saíle go dtí Americá. Deirtear gur d'admhuigh sé siúd a chionntacht(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Cuinn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Choill Daingean, Co. Uíbh Fhailí