Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aimsire fuaireadar cóip-leabhair agus pinn a bhí déanta as cleite gé.Ansin cuireadh Sgoileanna Náisiúnta ar bun sa bliadhain 1831, agus chuaidh na sgoileanna scairte ar ceal agus tosuigheadh ar na hádhbhair seo:- Gaedhilg, Béarla, Áireamh, Gramadach, Sgríobhnóireacht, Tír Eolas agus Stair. Fuair mé é sin ó m'athair -Aodh Mac Siordan,
An Charraig,
Gleann-Gaibhleann. - Bhíodh coinnlí déanta as brobhanna glasa ag na daoine fadó. Sé an chaoi a dheinidís na coinnlí ná - bhaineadh siad an chroiceann de na brobhanna agus d'fhágadh siad fuighleach beag gan an croiceann a bhaint de i dtreo go mbéadh sé láidir. Annsin cuireadh siad im ar phíosa iarainn agus leaghadh siad é. Cuireadh siad an choinneal isteach san ghréis agus lasaidís í is bhíodh solus aca ar feadh uaire a' chluig in aghaidh gach coinnle. Ní bhíodh coinnleoir ar bith aca. Ghreamuighidís an choinneal do chúl cathaoireach agus is minic a bhíodh poll cruinn dubh dóighte ar an gcathaoir. Tá na cathaoireacha sin le feicéal annseo fós.
Bhíodh coinnlí eile aca chomh maith leis na coinnlí sin. Leaghadh siad réisín agus casadh siad ar phíosa córda tríd agus bhíodh an córda mar buaiceas aca. Lasadh siad í(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Siordan
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Moneensauran, Co. an Chabháin