Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis. Téigheann na cailíní ins an líne go bhfuil an dath sin ortha in éinfeacht leis an Aingeal. Annsin tagann an diabhal agus deineann sí an nídh céadna leis. Leantar den obair sin go dtí go mbíonn gach cailín ins an líne imthighthe agus annsin má bhíonn an breis ag an Aingeal tosnuigheann siad ag troid le chéile.
Bíonn cleas eile againn ar sgoil agus tugtar "Fuinneóga Árda" air. Téigheann sgata cailín le chéile i bhfuirm cearcail. Annsin téighean cailín amháin eile isteach in a measg agus comhairighean sí go dtí uimhir a fiche. An cailín go dtuiteann an uimhir sin uirthi bíonn uirthi rith indhiaidh an duine a bhíos a' comhaireamh agus breith uirthi. Téigheann an cailín go dtuit an fiche uirthi isteach sa líne agus tosnuigheann sise a' chomhaireamh mar an chéad chailín.
Bíonn cleas eile againn oidhche fhuar gheimhridh agus tugtar "Hurley Burley" air. Sé an chaoi a n-imirtear é ná - bíonn sluagh mór in a suidhe cois teine agus bíonn ar dhuine amháin a cheann a iompódh síos. Annsin cuireann duine eile a dhá láimh ar a dhruim agus bíonn sé a' tumpáil agus deireann sé:-
"Hurley Burley thump the tray,
Go to pot the market day
Simon Alley hunt the buck
How many horns stand up?(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin
- Faisnéiseoir
- Aodh Mac Siordan
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin