Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corrabha (Curravagh)
- XML Leathanach 300
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is olc an cearc nach sgríobhann dí féin
Is olc an mada nach fuí fead do leigint uirthi
Bíonn gach éinne lághach go dtéigheann bó in a gharrda
Níl luibh ná leigheas in aghaidh an bháis
Ní hé lá na gaoithe lá na sgolb
Is maith an tiománuidhe an té bhíos ar a' gclaidhe
An té bhíos a' magadh bíonn a leath fé féin
Ní bhíonn saoi gan locht
Aon áit a mbíonn na mná bíonn cainnt
Ritheann uisge doimhin go ciúin
Cuairt gearr sí is fearr ach gan é a dhéanamh ach go hannamh
Is fearr rith maith ná droch sheasamh
Briseann an dúthchas tré shiúlí an chait
Is túisce deoch ná sgéal
Fásann níos mó san ngarrdha ná cuirtear ann
Ní bhailigheann cloch reatha aon chaonach
Duine gan dinnéár beirt chun suipéir
Ní bhíonn aon chuimhneamh ar an arán a ithtear
Nuair is mó an deifir sead is mó an mhoill
Ní féidir olann a bhaint de ghabhar
Is minic a dhein bromichín giobalach capaillín cumasach
Mar a bhfuil agat ach pocán gabhair bí i lár an aonaigh leis
Is fearr sioc ná síorbháisteach
Nígheachán a' tSathairn bíonn sé geal Dé Domhnaigh
Bíonn blas milis ar phraiseach na gcomhursan
Is teann gach mada ar urlár a thighe féin- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin