Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)in a dhiaidh sin chun dinnéir. Dubhairt Padraig go racadh an ceathrar aca agus an lá in a dhiaidh sin bhuaileadar an bóthar go tigh an duine a thug an cuireadh dóibh. Nuair a shroiseadar an teach ní raibh an dinnéar réidh agus shuidheadar timcheall na teine ag cainnt. Níorbh fhada go raibh sé réidh agus chuaidh siad go léir isteach i seomra mór leathan. Bhí an bord leagtha le fíon is feóil is anbhruigh. Bhí siad ar tí suidhe síos agus d fhán an Naomh in a sheasamh is bheannaigh sé an bhiadh agus na daoine. Ní túisge bhí sé déanta aige ná léim cú mór dubh suas den mbord agus amach an doras leis. D'eirigh Padraig agus bhí fearg an-mhór air nuair a chonnaic sé an saghas feola a bhí ullmhuighthe ag na daoine dó. Annsin gan caitheamh bídh nó dighe dó theich sé ón dtigh agus d'fhág sé a mhallacht air agus deirtear nár chualathas gairm a' coilighe san teach san teach sin in Dubh Bealaigh ó shoin.Tá tobar i mBawnboy agus deirtear gur in onóir do Naomh Padraig atá sé am. Téigheann daoine chuige ar an gcúigeadh lá de Lughnasa.
- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin