Scoil: Corrabha (Curravagh)
- Suíomh:
- Currach Bheatha, Co. an Chabháin
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corrabha (Curravagh)
- XML Leathanach 318
- XML “An tAonach”
- XML “An Tiarna Talún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fuaireas é sin ó m'athair -Aodh Mac Siordan,
An Charraig,
Gleann-Gaibhleann. - An Tighearna Annsley a bhí mar ainm ar an dtighearna talmhan a bhí os cionn mo cheanntair ach bhí tighearnaí eile seachas an fear sin - Seán Nichlson, fear darbh ainm dó Fosot, agus fear eile Dobbins. Níor chuireadar futha sa cheanntar. Tighearna an-chruaidh a beadh Annsley agus is iomha duine a chuir sé as a sheilbh. Bhíodh alán daoine ag iarraidh an lámh in uachtar d'fhágail air agus b'iomdha duine as Gleann-Gaibleann a thug iarracht fé sin a dhéanamh. Bhí cúigear fear déag as Glean-Gaibhleann agus an méid céadna as Cilineach sa phríosún mar gheall ar bheith a' troid is ag argóint leis an dtighearna Annsley. Is annsin a thosuigh an file breagh álainn sin - Seán Sheeran as Fear Monach a' sgríobhadh fé sin. Sgríobh sé amhrán breagh fada agus tá cur síos ann ar na "dithshealbhuighthe". Tá an tamhrán sgríobhtha sa leabhar seo.Nuair nach mbíodh na daoine inann an chíos a dhíol leis an dtighearna thagadh seisean agus bhíodh fir eile in éinfeacht leis. Annsin bhíodh tuaghanna aca, tuaghanna móra láidre leis na tuaghanna sin ghearradh siad cúpla (taobháin) rafters(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Shiordan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrick West, Co. an Chabháin
- Faisnéiseoir
- Seán Sheeran
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Deargmhóin, Co. Liatroma