Scoil: An Corrbhaile
- Suíomh:
- An Corrbhaile, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máirtín Mac Coitir
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0627, Leathanach 301](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0627%2FCBES_0627_301.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0627, Leathanach 301
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (1) FAIRRCHE: Fadó bhí paróisde Cill Fhiacrac agus paroísde Cill Árd ag teacht le chéile ag Fairrce.Tá sé roinnte na dhá leath - Fairrche Thuaidh agus Fairrche Theas. Tá Fairrche 'na theórainn idir an dá pharoísde
(2) BAILE na gCEARDCHAN:( Town of the Forges ) Seo an ainm a tugadh ar Fairrche Thuaidh. Ar chnoch sa cheanntar do bhí ceithre cinn de ceardcaibh fadó. Dá bhrígh sin tugadh Baile na gCeardcan mar ainm ar.
(3) BAILE na bPIAN ( Town of Backbiting )Seo an t-ainm atá ar Fhairrche Theas. Tugadh an t-ainm sin ar de bhrígh go mbíodh na daoine ann ag cúl-cainnt is ag déanamh clampair. Uaireannta tugtar Baile na mBreathnach ar de cionn (?) go raibh ceithre muiríghin de mhuinntir Breathnaigh 'na gcomnuidhe ann.
(4) CILL tSIONAÍN ( Church of St. Senan )San duthaigh seo ta Cill ar a tugtar Cill tSionaín. In aice na Cille tá leach ar a bhfuil rian leabaidh Naoimh Sheanaín. Seo mar do thárla. Uair amhaín do bhí Naomh Seanan, Naomh Flannán agus Naomh Creadán ag taisdeal na(leanann ar an chéad leathanach eile)