Scoil: An Corrbhaile
- Suíomh:
- An Corrbhaile, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máirtín Mac Coitir
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0627, Leathanach 302](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0627%2FCBES_0627_302.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0627, Leathanach 302
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)duthaighe. Do thárla gur thaínig an oidhche ortha agus b'éigeann dóibh fanacht ag an lich go dtí go dtaínig an mhaidin. An fhaid is a bhíodar annsan d'eirigh diospóireacht eadtorra - cadé an ainm a bheadh ar bheadh ar an sean-chill. Do theip ortha ar é do réidhteach eadhtorra agus dubhradar araon go bhfágfaidís fé Dhia é, agus go mbeadh cómhartha so-fheisge ar maidin. Nuair a thaínig an mhaidin bhí gruaig Naoimh Sheanáin liath. B'é sin an cómhartha go nglaodhfaí Cill tSeanaín ar an áit. Tá roilg ann agus tobar beannuighthe istig na lár. Is ann a cuirtear cuid de Mhuinntear Cill' Caoidhe, Fairrche agus Beal-Átha.
(5) AN CHROIS BHEAGTá trí bóithríní ag teacht le céile comhgarach do roilg Seanáin agus tugtar an " Crois Bheag " ar an duthaig lais teas de.
(6) TULACH THOIR ( TULCHAIR )In oirthear an pharoísde tá cnoch beag. Tugtar Tulac Thoir ar an áit dá bhár
(7) BÁINSEACH:Talamh maith cuir
(8) CROSAIRE CINNÉIDEAg an gcrois sin bhí muirighin darbh ainm Cinnéide 'na gcomhnuidhe sa tsean(leanann ar an chéad leathanach eile)