Scoil: An Corrbhaile
- Suíomh:
- An Corrbhaile, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máirtín Mac Coitir
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0627, Leathanach 303](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0627%2FCBES_0627_303.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0627, Leathanach 303
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aimsear. Níl aoine de mhuinntir Cinnéide 'na gcomnuidhe ann fé láthair.
(9) CNOC na gCOÍR ( Hill of Rights ) no Cnoc na nGabhar Hill of the Goats) Fadó do bhí dhá cheanntair ag casadh ar a chéile ag an áit seo ach ní raibh aon teóra fóghanta ann, agus de bhrígh sin bhíodh acrann agus clampair ar siubhal i gcomhnuide. Fé dheire do sochruighead gurb'é an cnoc seo an teóra fóganta. Bhí siothchaín ann ó shoin.(2) Tá gabhar no dhó ag gach duine sa cheanntar sin agus b'féidir gurb é sin an fáth "Cnoc na nGabhar" a bheith mar ainm ar an áit. Níid cinnte cad é an ainm ceart atá ar an áit. Deir daoine áirithe gurab é "Cnoc na gCóir" an ainm ceart.(10) BÉAL ÁTHATá droicead annso fé lathair ach sa tsean-aimsear ní raibh ann ach áth treasna na h-abhann. Nuair a deineadh an bóthar ó Chill Caoidhe go Sráid na Cathrach deineadh droichead san áit seo. Bhí sean-chailleac na comhnuidhe san aít seo sul ar deineadh an bothar. Chomhnuigh sé san dún ( ráth, lios ) atá ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)