Scoil: An Corrbhaile
- Suíomh:
- An Corrbhaile, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máirtín Mac Coitir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na daoine maithe le feisgint ann go minic. Daoine iounta feín "seadh iad. Taíd áit ar shlighthe. In aimsear an Chogaidh Mhoír tharraingeadar pé méid airgid abhí i dtaisge sna bainne aca amach agus ní ghlachfaidís le nótaí in aon chor. B'eígean do lucht na mbannc ór nó airgead do thabhairt dóibh.
(13) BAILE ARD:Saghas cnuic atá annso agus tá sé i bfad níos aoirde ná an talamh thar tímcheall air. Deirtear gur anuas ar an gcnoch sin a thaínig " Clog na Neál " chuig Naomh Seanán agus theasbaín aingeal Oileán atá suidhte sa tSionainn dá dob é sin Inis Chathaigh. Dubairt an aingeal do go mbeadh sé ag obair san oileán sin go dtí lá a bhaís. Tá caisleán tógtha ar bhár an chnuic. Tógadh é sa bliadain 1815 nuair abhí na Sasanaigh ag suíl le cablach Napoleon.
(14) CILL ÁRD:Tá cill suidhte ar bhár cnuich. Níl ann anois ac fothrach folamh cille.
(15) DÚN MÓRSa cheanntar seo tá dún mór a thóg Mac Mathúna, duine de flatha Dalgcais sa tsean-aimsir.
(16) DÚN BEAG:In aice le Dún Mór tá ceanntar ar a tugtar Dún Beag, de bhríg gur tóg Mac(leanann ar an chéad leathanach eile)