Scoil: An Clochar, Cill Ruis
- Suíomh:
- Cill Rois, Co. an Chláir
- Múinteoir: An tSr. Pól
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhíonn an chleamhnas déanta agus gach rud sochruithe deineann muinntir an chailín sochrú leis an mbuachaill chun dul go tig an chailín ar oidhche áirighthe chun aithne níos fearr a bheith ag an gcúpla ar a chéile.Tagann a lán daoine go dtí an tig an oidhche sin agus bíonn spórt agus rinnce acha ann. Bíonn suipéar mór aca, bíonn feoil de gach shaghas ann agus cístí milse agus fíon í gcóir an t-suipéir. Tugtar "Piochadh an Ghanndail" ar an bhféasta sin.Bhi a lán pisreóga ag na sean daoine fadó, agus do cheapadar go mbéadh mí-ádh ar an duine a bhris íad. B'é ceann de's na nósanna a bhí aca ná go mbéadh mí-ádh ar fhear dá mbéadh cailíní nó mná 'na fhocair nuair a bheadh sé ag dul ag piochadh a ghanndail féin. Do cheapadar leis go mbéadh mí-ádh i gcaipín an fhir dá dteigheadh sé isteach in aon tig eile tar éis a thighe féin d'fhagaint go dtí go rachadh sé isteach i dtig an chailín.
- Bailitheoir
- Máire Nic Mhathghamhna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dún na gCorróg, Co. an Chláir