Scoil: An Clochar, Cill Ruis

Suíomh:
Cill Rois, Co. an Chláir
Múinteoir:
An tSr. Pól
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0629, Leathanach 426

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0629, Leathanach 426

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Cill Ruis
  2. XML Leathanach 426
  3. XML “An Ghorta Mhór sa Cheantar Seo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus arbhar sa ceanntar ní bhíodh feóil na arán ag na daoine mar do bhíodh ortha an stoc agus an t-arbhar do dhíol cun airgead an chíosa do sholáthair do na tigearnaí talmhan. Fuair alán daoine bás ar thaobh na mbóithre dén ocrás. Do chuaidh alán acu go tighthe na mbocht ac ni raibh slighe dóibh ionnta.
    Nuair a fuair daoine bás do cuireadh isteach sa cairte agus do cuireadh iad go léir isteach i bpoll amháin i Seán- Cíll gan comhra gan braitlín ar éinne acu. Chualas sgéal mar geall ar dhaoine a fuair bás san oisbeideal i gCill-Ruis de'n ocras. Do chuireadh na daoine isteach i mboscaí móra agus iad leath marbh, agus nuair a bhíodar ag dul go dtí an reilig i dtriocall chuala na daoine fear istig i mbosca ag cainnt agus do chuadar thar-nais arís go dtí an oisbeideal agus do tógad an fear amac as an mbosca agus táinig sé chuige féin arís.
    Brígid Ní Dheagháidh, Dún na nGrógán, Cíll-Aimidhe
    M'athair a thug an t-eolas seo dom
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brigíd Ní Dheagháidh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Dún na gCorróg, Co. an Chláir