Scoil: An Clochar, Cill Ruis
- Suíomh:
- Cill Rois, Co. an Chláir
- Múinteoir: An tSr. Pól
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí gorta mór in Éirinn sa bhliain 1845 go dtí 1848. Bhí na prátaí go h-an flúirseach agus do chuir na daoine isteach í pollaibh móra, ach taréis tamaill nuair a thánghadar go dtí na puill, bhí na prátaí go léir meathta.Fuair a lán daoine bás de'n ocras, mar cé go raibh cuid mhaith cruithneachtan acu bhí ortha é do dhíol cun go mbéadh an cíos acu í gcóir an tighearna talmhan. Ní raibh aon rud le n-ithe acu ach turnapaí. Nuair a bhéadh fear ag cur cinn tighe bhéadh trí turnapaí aige agus nuair a bhéadh píosa áirighthe déanta aige bhéadh ceadaige cúpla greim as na turnapaí d'ithe agus leanfadh de'n obair. Nuair a bhéadh píosa áirighthe eile déanta aige bhéadh cead aige cúpla greim eile d'ithe agus mar sin nó go mbéadh na trí turnapaí ithte aige.Bhí turnapaí ag fás an úair sin í bpáirc í gCill Aimidhe in a mbíonn rásaí na gcon anois agus thagadh na daoine ó Chíarraighe treasna na Sionainne cun na turnapaí a ghoid.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Nic Mhathghamhna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dún na gCorróg, Co. an Chláir