Scoil: An Clochar, Cill Ruis
- Suíomh:
- Cill Rois, Co. an Chláir
- Múinteoir: An tSr. Pól
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do thagad daltaí pharóiste le céile i mbóthán eigin agus uaireannta tugadh feirmeóir tig dó. Do dhíolaid ís beagán airgid le fear chun iad a mhúineadh. Fear darbh ainm Gregg Ó Co Chiarraidhe a bhí ag muinead í nGomhair agus fear dárbh ainm De Búrca a bhí ag múineadh i gCúair an Chláir féin.
D'fhanadh an muinteóir trí la i dtig. Do múinead trí hadhbhar agus ainm a bhí ortha ná na trí "Rs" Do sgríobhadh le cleití. Bhíodh suidheacáin ar fhaid an tighe. Ní bhíodh aon chlár dubh acu. Fear darbh ainm Fleming a bhíodh ag muineadh i GCill Ruis do mhúin sé do. Do bhí cuid de na scoileanna san go h-ana mhaith agus is minic gur filí a bhíodh ag múineadh.
Do an scoil i gcóir na gcailín i Sráid Burton ins an seipéal agus mna - ríoghalta a bhí ag múineadh. Bhí an scoil i gcóir na mbuacaillí i sráid Gormáin, ar dtúis agus annsan bhí an scoil sín i GCé na bpapairí. Is sa bhliain 1831 a tosnuig na Scoileanna Náisiúnta.