Scoil: An Clochar, Cill Ruis
- Suíomh:
- Cill Rois, Co. an Chláir
- Múinteoir: An tSr. Pól
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní raibh alán scoileanna scairte ins an cheantar seo ins an tsean aimsir. Bhí scoil suidhte i bpáirc in Éanach. Bhí sé déanta de fódaibh. Tugadh na feirmeóirí ins na h-áiteanns a dtighthe dóibh agus tugadh siad dhá phingin dóibh gac seachtmhain. Duine Uasal de Blácha a bhí ag múineadh ins an scoil seo. Rugadh é i Móinín. Bhí sé ag cur fé i dtig áirithe in Éanac. Ní raibh aon Gaedilig á mhúineadh an t-am sin. Deineadh an scríobhnóireacht le píosa cloc beag. Bhíodh na páistí ina suidhe ar dóidibh agus ar píostaí adhmaid. Ní raibh acht leabhar amhain ag gach páiste. Ní raibh aon chlárdubh ag an muinteóir act píosa slinne agus ní raibh aon chaile aige acht píosa cloch beag. Ní raibh aon Ghaedhilig á mhúinead, Is minich a bhíodh dilídeacht aige.