Scoil: An Clochar, Cill Ruis
- Suíomh:
- Cill Rois, Co. an Chláir
- Múinteoir: An tSr. Pól
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dhá feirm ag a athair, ceann i Mallaca agus ceann i Rátha an Uisge. Lá amháin dubhairt a mháthair leis dul ó Rátha an Uisge go dtí Mallaca agus na beithighidh a tiomáint ann. Ceap Seanán go mbéadh sé ró fhada dul go Blác agus Mágh Sheasta. Chuaidh sé go dtí an cósta agus tháinig áit tirim ar an uisge, agus bhí Seanán ábalta dul treasna. Annsan chuaidh an t-uisge isteach airís san áit. Dubhairt Seanán nach mbéadh aoinne ábalta an bhágh san a thuirmiú. Cúpla bliain in a dhiaidh sin do chuir daoine bóthar iarainn treasna an bháigh. Nuair a bhí sé beagnach críochnuighthe tháinig an t-uisge isteach oidhche amháin agus do sgiob sé an rud go léir. Annsan tugadh Poul-na-Sherry ar an mbágh sin.Do chuir Seanán mainistreacha ar bun ar oileán ar an Fhergus. Annsan chuaidh sé go dtí Oileán an Easbuigh agus dubhairt Aingeal leis dul go h-Inis Cathaigh. Do chuaidh sé ann agus do chuir sé seacht teampall ar bun ann. Bhí cathach san oileán agus do chuir sé amach é. Do tóg sé píosa ón dtalamh in aice le(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Siobhán Nic Uilliam
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú an Chalaidh Thuaidh, Co. an Chláir