Scoil: Cúl Mín, Inis
- Suíomh:
- Cúil Mhín, Co. an Chláir
- Múinteoir: Dd. Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scoil a tógadh sa bhliadhan 1885 atá againn annso fé láthair.Bhí sean-scoil annso fadó, bothán fada agus ceann tuighe air. Tá cuid de's na sean-fhallaí 'na seasamh fós.Tuairim is céad bliadan ó shoin bhí maíghistir ann dar b'ainm dó Pádruig Mac Taidhg. Togha muinteóra ba eadh é is d'éirig sé as an obair timcheall na bliadhna 1860.Bhí Conchabhar Ó'Brian an muinteóir taréis bháis Phádruig. Thagadh sé gach lá ó Chill a' Disirt acht tar éis roinnt éigin bhliadhan bhris ar a shláinnte aige is fuair sé bás.Scoláire le Conchabhar a bhí i gceannas na Scoile annsan, Mícheál O'Riada a b'ainm dó. Ní raibh sé siúd sásta fanamhaint sa scoil agus chuaidh sé isteach sa Stáit Seirbhis i Lonndún.Duine fíor-Ghaodhalach a tháinig chun na Scoile annsan sa bhliadhain 1877. Mícheál Ó'Loingsigh ó Chnoc Earra. Bhí sé 'na phríomh oide go dtí 1914. Chaith sé seacht mbliadhan sa bhothán is tógadh an scoil nuadh dhó sa bhliadhan 1885. Fuair sé bás sa bhliadhan 1933. B'é Mícheál Ó'Cionnaoith a fuair an post sa(leanann ar an chéad leathanach eile)